Tomás Ó hÍde, múinteoir teanga, scríbhneoir, scoláire, ollamh emeritus

— Taighdeoir agus scríbhneoir

Is é Drámaíocht ar an Scáileán (2025) an chéad leabhar uaim as Gaeilge. Bhain mé amach BA sa Fhraincis le déanaí agus chaith mé na trí shamhradh is déanaí sa Fhrainc, breis is seacht mí san iomlán. Ba léachtóir mise i gColáiste Lehman, sa Bhronx, Nua-Eabhrac. Bhinn ag léachtóireacht i nGaeilge agus i Spáinnis sa Bhronx. Rinne mé staidéar i dteangeolaíocht fheidhmeach i gColáiste na Tríonóide.

— SCILEANNA LUACHMHARA

  • Taithí ar na cláir ríomhaireachta seo a leanas: Microsoft Office (Word, Excel, PowerPoint), agus Apple (Pages & Keynote).
  • Taithí le curaclam a fhorbairt.
  • Taithí le Béarla (litríocht) agus Gaeilge (bunteanga) a mhúineadh.


— LEABHAIR

  • Ó hÍde, Tomás & John Gillen, eag. An tÚll Mór: Imeachtaí an tsiompóisiam, Coláiste Lehman, Nua-Eabhrac 2012-20. Coiscéim, 2026.
  • Ó hÍde, Tomás. Drámaíocht ar an Scáileán: Scannáin i nGaeilge, 1951-96. Coiscéim, 2025.
  • Ó hÍde, Tomás, Máire Ní Neachtain, Roslyn Blyn-LaDrew, and John Gillen. Colloquial Irish (2ú heagrán). Routledge, 2022.
  • Ó hÍde, Tomás, Máire Ní Neachtain, Roslyn Blyn-LaDrew, and John Gillen. Colloquial Irish 2: The Next Step in Language Learning. Routledge, 2020.
  • Ó hÍde, Tomás. Seáinín Tom Sheáin: From Árainn to the Silver Screen. Comhairle Bhéaloideas Éireann, 2019.
  • Ihde, Thomas, eag. The Irish Language in the United States: a historical, sociolinguistic, and applied linguistic survey. Bergin & Garvey, 1994.

 

— TAITHÍ OIBRE

Múinteoir Ionadaí, Oileáin Árann, Gaillimh. 2024-2026 Socrúchán le Fraincis (Bliain 1, 2, 4, 5) is le Spáinnis (Bliain 4). Ionadaí le Bliain 1 go 6

Coláiste Lehman, Ollscoil na Cathrach, Nua-Eabhrac. 2000-2024 2000-2008: Ag léachtóireacht i gclár le haghaidh múinteoirí Fraincise agus Spáinnise (PME). 2008-2024: Ag léachtóireacht i gclár BA sa Ghaeilge/Litríocht Chomparáideach agus ag múineadh modúl sa Spáinnis.

Ollscoil William Paterson, Wayne, Nua-Gheirsí. 1998-2000 Ag léachtóireacht i gclár le haghaidh múinteoirí Fraincise agus Spáinnise (PME). Bhí modúil Spáinnise le múineadh agam do ghlantosaitheoirí.

Bergen Community College, Paramus, Nua-Gheirsí. 1994-1998 Bhí mé ag múineadh Béarla mar theanga iasachta. Bhí modúil Ghaeilge le múineadh agam do ghlantosaitheoirí.

Múinteoir Bunscoile, School No. 1, Little Falls, Nua-Gheirsí. 1992-1994 Rang a Sé. Ag múineadh Béarla agus Matamaitice.

Múinteoir Meánscoile, Yago School, Baile na Manach, Baile Átha Cliath. 1989-1991 Múinteoir le Béarla is le Reiligiúin. Bhí na scoláirí ar fad as an Spáinn; bhí siad ina gcónaí le mná tí sa cheantar. Bhí gach uile ábhair trí mheán na Spáinnise ach amháin Béarla.

— OILIÚINT

  • Ph.D i dTeangeolaíocht Fheidhmeach, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath (Bronnta)
  • MGO (Máistir Gairmiúil san Oideachas), Ollscoil na Gaillimhe (Ar siúl)
  • M.Phil i dTeangeolaíocht Fheidhmeach, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath (Bronnta) 
  • BA sa Fhraincis, Coláiste Lehman, Nua-Eabhrac (Bronnta) 
  • BA sa Fhealsúnacht, Ollscoil Mhuire, San Antonio, Texas & Ollscoil Rutgers, Newark, Nua-Gheirsí (Bronnta)  

Tomás Ó hÍde

Go raibh maith agat as cuairt a thabhairt ar an leathanach seo. Scríobh chugam má tá aon cheist agat.

tomas.ohide@gmail.com